Athrach mór an tsaoil - saol iontach maith anois leis an méid airgid atá ag na páistí óga sa lá atá inniu ann. Nuair a bhí siad óg ar an Chlochán Liath ní raibh siad ábalta milseáin a cheannach nó dada. Bhí air a dhul isteach ar an Chlochán Liath dhá uair sa tseachtain fá choinne free beef. Ach fosta, bhí daoine níos sláintiúla ina saol ná mar atá sa lá atá inniu ann. Is maith le daoine a gcarranna úra a cheannach an t-am ar fad anois. Meath na Gaeilge sa cheantar anois – an rud is measa nuair a dhruid siad an scoil i Mín na Croise agus bhí ar pháistí a dhul go dtí an Clochán Liath, áit nach mbíonn an Ghaeilge in úsáid mar an ghnáth teanga ann. Tá cúrsaí oideachais níos fearr anois – nach gcaithfidh daoine imeacht go hAlbain fá choinne obair faoi mar a bhí. | 00:07:23 | |